Táibléad Cuartaíochta ‘Abdu’l-Bahá (#13838)

Táibléad Cuartaíochta ‘Abdu’l-Bahá
*Déantar an Phaidir seo, ar a ndearna ‘Abdu’l-Bahá taispeánadh, a léamh ag a Scrín. Baintear feidhm aisti chomh maith le linn urnaí phearsanta. 
‘Cibé duine a aithrisíonn an phaidir seo go huiríseal, díograiseach, cuirfidh sé áthas agus lúcháir ar chroí an tSeirbhísigh seo; is ionann é agus casadh leis ar a aghaidh amach’.
*— ‘Abdu’l-Bahá

Is é an tUile-Ghlórmhar!
A Dhia liom, agus mé uiríseal, deorach ardaím mo lámha mar achainíoch chugat agus folaím m’aghaidh le deannach na tairsí úd leatsa atá ardaithe os cionn eolas an lucht léinn agus os cionn ranna gach éinneach a thugann moladh duit. Amharc go ceansa ar do sheirbhíseach go humhal, uiríseal ag do dhoras le féachaint súile do thrócaire agus déan é a thumadh in Aigéan do ghrásta shíoraí!
A Thiarna! is seirbhíseach bocht, uiríseal leat mé, I mo chime do d’agairt, i mo bhraighdeanach i do lámh, do do ghuí go dúthrachtach, ag cur ionat mo mhuiníne, na deora liom os comhair d’aghaidhe, ag glaoch agus ag impí ort sna focail seo a leanas:
A Thiarna, a Dhia liom, tabhair dom de do ghrásta le freastal ar lucht d’ansachta, neartaigh mé i mo bhraighdeanas duit, déan m’éadan a shoilsiú le solas adhartha laistigh de chúirt do naofachta, agus le solas na hurnaí chun ríocht do mhórgachta. Cabhraigh liom a bheith neamhleithleasach ag ursain neamhaí do gheata agus cuidigh liom dealú leis an uile ní taobh istigh de do theorainn bheannaithe! A Thiarna! tabhair dom le hól ó chailís na neamh-fhéinchúise; lena fallaing déan mo ghléasadh, agus ina haigéan déan mo thumadh! Déan díom mar a bheadh deannach ann ar chosán lucht d’ansachta agus deonaigh go ndéanfaidh mé m’anam a íobairt ar mhaithe leis an gcré féin atá uaislithe ag coiscéimeanna na bhfíréan i do chosán, a Thiarna na Glóire sna harda.
Seo duit an phaidir lena nglaonn do sheirbhíseach ort ar maidin agus istoíche. Bronn mian a chroí air, a Thiarna! Soilsigh a chroí, cuir áthas ina chliabh, déan a sholas a adhaint le go bhfreastalóidh sé ar do Chúis agus ar do sheirbhísigh.
Is tú an Bronntóir, an tAtruach, an Ró-Fhlaithiúil, an Ceansa, an Trócaireach, an Truachroíoch.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

